Scoil: Eoghanacht (uimhir rolla 12342)
- Suíomh:
- Eoghanacht, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Ó Flannagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Bhaintreabhach agus a clann.
Bhí baintreabhach ann fadó agus bhí beirt mac agus inghean aice. Chuaidh an bheirt mac aon lá amháin ag bailiú brosna agus chonnaic siad éan agus rith siad 'na dhiaidh acht níor rug siad uirthe. Chuaidh siad abhaile agus bhí a máthair ag casaoid orra faoi nár rugadar air. D'eirigh siad ar maidin lár na bhárach agus chaith siad an lá ag ritheach i ndiaidh an éin acht cinn orthu breith uirthe acht an tríomhadh lá rug siad ar an éan agus thug siad leó í abhaile agus badh ghearr a bhí sí aca gur rug sí ubh agus chuaidh an máthair ar an margaidh léí. Casadh mac rí dhí agus cheannuigh sé an ubh uaithe. D'fhiafruigh sé dí a raibh aon inghean aice agus dúbhairt sise go raibh. Dúbhairt sé annsin go bpósfadh sé an inghean dá dtugadh sé an t-éan dó. Fuair siad an t-éan agus bhí siad sásta. Tháinig sé ag iarraidh na h-inghine agus fuair sé í. Mharbhuigh siad an t-éan nuair a bhí an baineas dhá chaitheamh. Bhí an beirt mac ag an teinidh agus né dheárna duine aca acht a láimh a chur sa bpota agus an croidhe a thabhairt leis agus é íthe agus nuair leagadh a béile ag mac an rí tugadh an t-éan dó freisin agus d'fhiafruigh sé cá raibh an croidhe agus né raibh fhios ag an máthair é. Dúbhairt sé annsin nách bpósfadh sé an inghean ó thárla nách bhfuair sé an croidhe. D'imthigh chuile duine annsin agus thosaigh an mháthair ag bualadh na ngasúr agus d'ibir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Fhlannagáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Flártaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Bun Gabhla, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Flártaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Bun Gabhla, Co. na Gaillimhe