Scoil: Inis Oirthir (Inisheer) (uimhir rolla 13322)
- Suíomh:
- Inis Oírr, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: M. Ó Giolláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- ‘Dubhailimín’ Bhí rí ann fadó agus bhí aon mhac amhain aige agus s’é an cheird a bhíodh ar an mac ag fiach gach lá. An lá seo nuair a tháinic sé isteach, d’fhiafruigh sé de cé'n sgéal a bhí aige.
‘Muise tá,’ a deir sé. ‘Tá mé le trí oidhche anois ag brionglóide ar bhainrioghan atá san Domhan Thoir agus dubhairt sí liom san mbrionglóid aréir a dhul chuice’.
‘Ó ná bac léi.’ a deir an mháthair. ‘Ní fhéadfá tú í sin a fhághail. Gheobhad tú inghnean rí san áit a bhfuil tú’. ‘Is Cuma’ a deir sé. ‘Gleas lón dom caithfidh mé dul aice’.
Ghléas sí lón dhó. D’fhág sé slán aice agus síos leis ag an dug agus thug sé leis an bád a b’fhearr a bhí ann agus ghléas sé uirthi a cuid seolta móra bucóideacha bacóideacha, máidí rámha gan stuairc, téad tíre gan tarraingt ag cur gainimh in uachtar agus cúbhar in íochtar gur chaith sé ráithe ag dul soir. Nuair tháinig sé thoir chuir sé feistiú lá ‘gus bliadhain ar an mbád. D’fheicfheadh sí na mná ísle ‘gus na mná uaisle ‘gus ní fheicfheadh na mná ísle na mná uaisle í. D’imthigh sé suas ag breathnú ar an áit agus chonnaic sé cuairt mhór déanta as clúmhas éanlaith agus gan buncleite amach na bárr cleite isteach. ‘Ní féidir’ ar seisean ‘nó siúd é é’ agus suas leis go dtí an doras agus bhuail sé é agus chraith sé an chuairt. Leigeadh isteach é agus cuireadh fáilte roimhe agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheal Céin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Formna, Co. na Gaillimhe