Scoil: Inis Oirthir (Inisheer) (uimhir rolla 13322)
- Suíomh:
- Inis Oírr, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: M. Ó Giolláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Thuit sí marbh agus an méid fola a tháinig aiste. D'fhás crann a bhí ag dul céad troigh suas san aer. Nuair a bhí an arbhur críochnuighthe againn chuaidh muid abhaile agus d'fan muid mar sin go raibh an tarbhur le baint againn. Thug m'athair agus mise dhá chorrán linn agus chuaidh me suas ar bhárr an chrainn ag breathnu uaim agus ar a dhul anuas dom ceard a d'feicfinn acht mada ruadh faoi bhun an chrainn. Chaith mé an corran leis agus bhuail me sa gcois e.
Dorduigh me go m'athair a dhul ar an ngeata(). Bhí an mada ruadh ag rith anonn agus anall gur ghearr le Eire bheag agus Eire mhór aon lá amháin. Cailleadh an mada agus d'fas crann eile agus bhailigh muid an tarbhur agus dhean muid coca de. Go m'beigean dhuinn an meid dreimrigh a bhí in Eirinn fhaghail agus ar deire is amhlaidh a bhí me ag brúgh tuighe isteach idir e fein agus na néalta agus dairigh me an coileach ag glaodhach. Dheasuigh me suas an coca agus d'faisg me le ropai e. Bhí mé ag dul anuas o dréimire go dreimire go dtáinig me go dtí an dreimire iochtar agus chonnaic mé mada ruadh faoi bhun an coca agus e ag ithe chnámha. Rug me ar an gcnáimh agus bhreathnuigh me air agus i dtuaise céard a bhí sgríobhtha air acht go raibh cathairse na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Ní Conghaile
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Inis Oírr, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Colm Ó Congaile
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Inis Oírr, Co. na Gaillimhe