Scoil: Inis Oirthir (Inisheer) (uimhir rolla 13322)
- Suíomh:
- Inis Oírr, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: M. Ó Giolláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)amuigh seard a bhí an duine a rádh
Má tá cailleach na dtrí adharc istigh leigfidh sí cailleach na cheithre adharc isteach.
D'eirigh cailleach na dtrí adharc agus d'fhosgal sí an doras agus tháinig cailleach eile isteach a raibh ceithre adharc uirthi agus bhí cúpla súgan aicí. Shuidh sí síos agus ní raibh sí mórán le móiméad ina suidhe nuair a chuala sí buille ag a doras agus d'airigh sí duine a rádh: "Ma tá cailleach na ceithre adharc istigh leigfidh sí cailleach na gcúig adharc isteach."
D'eirigh an chailleach agus bhí cuig adhairc mhóra fhada uirthi agus bhí píosa mór olain aicí. Chuir sí fúithi ar stól in aice na teine agus níor labhair sí leis an dream eile a bhí istigh agus níor labhair siad san léithe. Bhí sí tamall beag istigh agus d'airigh sí buille ag an doras agus labhair guth taobh amuigh. "Má tá cailleach na gcúig adharc istigh leigfidh sí cailleach na sé adharc isteach."
D'eirigh cailleach na gcúig adharc agus d'fhoscail sí an doras agus tháinig cailleach eile isteach a raibh sé adharc uirthi agus bhí péire charlaí aicí. Shuidh sí síos mar a dhean an dream eile ar fad no go raibh an buille ar a' doras. Bhiodar mar sin a' teacht isteach duine indhiaidh duine no go raibh dháréag acú istigh i lár an úrláir. Cuireadar a gcuid rudaí le chéile annsin agus thosuigheadar ag obair. Bhí bean a' tighe a creath le faitchíós rompa ar fad agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Treasa Ní Ghiolláin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Onóir Ní Ghríobhtha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Inis Oírr, Co. na Gaillimhe