School: Inis Oirthir (Inisheer) (roll number 13322)

Location:
Inis Oírr, Co. na Gaillimhe
Teacher:
M. Ó Giolláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 366

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 366

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Oirthir (Inisheer)
  2. XML Page 366
  3. XML “Cailleachaí na nAdharca”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean ann fadó agus is fad ó bhí agus dá mbeadh sí ann an uair sin ní beadh sí ann anois agus bheadh sgéal maith nó droch sgéal aicí nó bheadh sí gan aon sgéal.
    Bheul. nuair a bhí. bí sí ina suidhe go deireannach an oiche Satharn seo agus bhí sí a sníomh agus ina bhí ar uair an mheadhon oiche d'fhosgail an doras agus tháinig cailleach isteach a raibh aon adhac amhain uirthi agus bhí roth túirne aici. Ní raibh sí acht istigh nuair a bhí buille eile ag a doras agus labhair duine taobh amuigh.
    Má tá cailleach an adharc amhain istigh leigfidh sí cailleach na dhá adharc isteach". adubhairt si. D'eirigh an chailleach a bhí istigh agus dfosgail sí an doras agus tháinig cailleach eile isteach a raibh dhá adharc uirthi agus bhí cosa na tuirne aicí. Shuidh sí síos is níor labhair sí focal agus ba ghearr a bhí sí ann go raibh buille ag an doras labhair guth gharbh taobh amuigh.
    Ma ta cailleach na dha adharc istigh leigfidh sí cailleach na dtrí adharc isteach" adubhairt sí.
    D'eirigh an dára cailleach a bhí istigh agus d'fosgail sí an doras agus tháinig isteach cailleach a raibh trí adharc uirthí agus bhí píosa go shnúdha aicí. Shuidh sí síos ar stól i lár an úrláir agus ina shuidh d'airigh sí buille ag an doras agus bhí duine eicint a cainnt taobh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. cailleacha (~139)
    Folktales index
    AT0501*: “The Fairy Hill is on Fire!”
    Language
    Irish
    Collector
    Treasa Ní Ghiolláin
    Gender
    Female
    Informant
    Onóir Ní Ghríobhtha
    Gender
    Female
    Address
    Inis Oírr, Co. na Gaillimhe