Scoil: Inis Oirthir (Inisheer) (uimhir rolla 13322)
- Suíomh:
- Inis Oírr, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: M. Ó Giolláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an lá ná dhiadh agus an fear a bfearr ag rith go ngabhadh sé an ingin a bhí aige fein. Chuaidh siad a chodhladh annsin agus nuair a deirigh siad ar maidin chuadar amac sá bpairc. Táinig an Rí annsin agus bhí fear mór aige lé cur ag rith. Rith siad annsin agus bhí an oiread seo milte lé rith aca. Thug siad leo buideal annsin lé h-agaidh a lán uisge a thábhairt abaile. Nuair a bhreathnuigh siad annsin bhí fear an Rí ag teacht agus ní raibh tuairisg ar an bfear eile. A breathnuig a dúbhairt mac an Rí lé fear an ghúnna. Chuaidh sé suas ar bharr chrainn agus dúbhairt sé go raibh sé ná chodhladh agus go raibh cloigeann capall faoí ná cheann. A duisig é a dúbhairt mac an Rí. Chaith sé pilear annsin leis agus cuir sé an cloigeann capaill amac uaidh. Dhuisigh sé annsin agus bhí a bhuideal corchadh ag an bfear eile. Rith sé go dtí an tober aris agus líon sé an buideal agus bhí sé ag baile roimh an fear eile. Bí an Rí ag iarraidh iad a mharbhu annsin iad í seomra iarann agus amach san oidhche dairigh siad an teas ag teannadh leo. Chaith siad dhiobh a raibh go eadac orra act bhí an teas an teas ann í gcomnuide. Bhí an teas ann go dtí an deireadh bhíodar ingar a bheith doighthe. A dúbhairt mac Rí Eíreann lé fear an chaipin athruigh dó caipin go beó. D'athruigh sé a chaipin annsin agus thosuigh sé ná sneachta. Ní fad mór annsin go raibh siad preachtuí. Dúbhairt sé leis annsin aris í a chur direach ar. Nuair a cheap an fathach annsin iad a bheith caillte tháinig sé isteach agus ce'n chaoí a(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Conghaile
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Micheal Ó Congaile
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Inis Oírr, Co. na Gaillimhe