Scoil: Baile an Churraigh
- Suíomh:
- Baile an Churraigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: A. L. Ó Maoileannaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí beirt shaighdiuir ann tímcheall ceithre scór bliain ó shoin agus tháinig siad go dtí Doirín san oidhche ag iarraidh na daoine a bhí ag déanamh "poteen" a fhághail amach. An oidhce sin d'ól siad gach deoch a fuair siad agus níorbh fada no go raibh siad ar meisge. Chuaidh siad go bruach an t-Shuca chun dul go dtí an taobh eile. Dubhairt ceann aca nach raibh abhainn ríamh nach raibh sé féin in ann léimt thart. "Ó" ars an fear eile " ní raibh abhainn ríamh nach raibh mise in ann snámh tríd. Chuaidh an chéad feár cupla slat ó bhruach na h-abhann agus thosuigh sé 'gá léimt acht thuit sé isteach agus báthadh é. Rinne an fear eile iarracht chun snámh acht theip air agus báthadh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Cáit Ní Thaidhg
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Doirín, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Thaidhg
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Doirín, Co. na Gaillimhe