Scoil: Baile an Churraigh
- Suíomh:
- Baile an Churraigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: A. L. Ó Maoileannaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé an croiceann de thurtóig le sál a bhróige agus núair a d'féach sé ina thimcheall cad a chonnaich sé acht staighre bheágh ag dul síos ins an talamh. Dubhairt Seáinín go bhfeiceadh sé cad a bhí ag bun an staighre agus chuaidh síos go mall roighin réidh. Ag bun an staighre tháinig sé go dtí doras mór agus fioscladh an doras uaidh féin. Chuaidh Seáinín isteach agus chonnaich sé fear beag bideach agus é gléasta go h-áluinn ina shuidhe ar chathaoir óir agus páipéaraí fágtha aige ar an mbórd in aice leis. "Dia annseo isteach" arsa Seáinín. Phreab an firín ina sheasamh agus d'aithnigh sé gur Seáinín a bhí ann, "Míle, míle fáilte rómhat" a Sheánín , "tas agam gur tháinig tú le Smig Smutarnach a mharbhú. Ní lugha na do ghrain-sé án gráin ata agam ar an bfathach.(leanann ar an chéad leathanach eile)