Scoil: Baile Rua (Buachaillí)
- Suíomh:
- An Baile Rua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Mac Crosáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Rua (Buachaillí)
- XML Leathanach 020
- XML “Riddles”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)I got these riddles and place names from:-
Thomas Rattigan
Kilnalag,
Williamstown,
Co. Galway.
Ireland - Bhí buachall ann aon uair amáin agais fuair sé tógáil maith. Cuir a athair ar sgoil é agus nuair a bhí sé in-am aige stap abhaile. Oidhche amáin do thosuigh a atair ag cáinnt leis agus dúbhairt sé leis a Seáin cé ba maith leat a bheith anois. Dúbhairt seán ba maith liom beith in mo gádaigh agus tá múinntheór agam agus tá sé ag múineadh dom an caoi a mbeidh mé in mo gádaigh maith. D'fhág sé tighe a athair annsin agus chuaidh sé leis an múinnteór. Lá amáin bhí an beirt acha in-a shuidhe ar claidhe ag chaitheamh cigeréid agus chonnaic siad fear ag teachth chucha agus dúbairth an múinnteór Bhfuil tú indon an caora atá ag an bhfear sin a fhágháil. Dubhairt sé go mbéadh sé. Annsin dúbhairt sé lé na a múinnteór a cigeréid a cur amach. Chuaidh an buachall agus chaith sé a bhróg ar an mbóthair. Do shuidhe sé féin taobh istigh de'n claidhe. Nuair a tháinig an fear chomh fada leis an mbróg cuir sé a camg[?] síos ins an talamh agus d'fhág sé an caora in-a-aice. Annsin do thógh sé súas an mbróg agus dubhairt sé leis féin Ba maith liom an brógh eile a fhághail. Bhí an bróg sin ann tsálach. Bhí loch i bpairc cúpla céad slat uaidh agus chuaidh sé go dtí an loch leis an bróg sin a glanadh. Nuair a fuair an buachall an fear imthighthe do thógh sé an caora in éineacht leis. Igceann(leanann ar an chéad leathanach eile)