Scoil: Leithrinn
- Suíomh:
- Leithrinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Labhradha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bíonn fear oibre ag cabhrughadh leis.
D'innis m'athair dom aréir connas a cuiridís na fataí ins an sean aimsear. Ní dheinidír driollaí. Ghnidís iomairí. Threabhadar an talamh ar dtús. Annsin d'fuirsigheadar é. Ghearradar na sgiolláin. Fuair bean 'a tighe a mála sáite. Do líon sí é le sgiolláin. Croch sí an mála ar a gualainn. Chuaidh sí amach ins an bpáirc. Thug sí laidhe[?] amach lei. Sheas sí ar an iomaire . Rinne sí pollanna beaga. Chaith sí isteach na sgiolláin. Lean sí marsin ar feadh an lae. Ins an tráthnóna tháinig na páistí amach le sluasad. Dúnadar na pollanna.
Ní raibh cairteacha ann an uair sin. Chuireadar an t-aoileach amach le asail agus cliabacha. Bhí an srathar déanta de tuighe agus an coirb déanta de adhmaid. Bhí dhá steircí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Mhulláin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leithrinn, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Sean Ó Mulláin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leithrinn, Co. na Gaillimhe