Scoil: Leithrinn

Suíomh:
Leithrinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Labhradha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0012, Leathanach 267

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0012, Leathanach 267

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leithrinn
  2. XML Leathanach 267
  3. XML “Ceapadóireacht - An Drochshaol”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    mbóthar. Ní raibh ag chuile dhuine ach cúpla achra. Chuir sé iad le chéile agus marsin bhí feirm mhór aige. Fuair na daoine bochta bás ar thaobh na mbóthar agus ins na páirceannaibh.
    D'innis m'athair an sgéal seo dom. Fuair sé é ó'n a shean-athair nuair a bhí sé óg. Bhí fear ina chomhnuidhe i dTumárd. Bhí sé pósta. Bhí clann aige. Ní raibh acht seacht n-acraí talmhan aige. Bhí sé an-bhocht. Bhí teach beag aige. Tá rian an tighe le feiceál indiú. Bhí an tighearna talmhan ina chomhnuidhe in Átháin. Bhí an caisleán suidhte in áit a bhfuil an loch indiú. Do chomhnuigh sé ins an gcaisleán sin. Fear an-gharbh agus an shanntach a bhí ann. Protastúnaigh a bhí ann, agus marsin níor thaithnigh sé le na Caitilicigh. Ní raibh an fear bocht sin inann an chíos do sholáthar do'n Tighearna talmhan sin. Do chaith sé amach ar an mbóthar é. Chuaidh é féin agus a chlann go dtí Tig na mBocht. Fuaireadar bás annsin leis an ocras.
    Thainig duibheachán ar na fataibh, san mbliadhain míle ocht gcéad dachad is a cúig. Do loit sé an chuid ba mhó aca. Bhí na fataí go han flúirseach le blianta roimhe sin. Do lobhadar ins an bpoll. Bhí na daoine
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Nic an Bháird
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Leithrinn, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Pádráig Mac an Báird
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Leithrinn, Co. na Gaillimhe