Scoil: Leithrinn

Suíomh:
Leithrinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Labhradha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0012, Leathanach 264

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0012, Leathanach 264

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leithrinn
  2. XML Leathanach 264
  3. XML “Ceapadóireacht - An Drochshaol”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí go leor daoine ins an gceanntar so uair amháin. Tháinig droch-shaoghal agus scaip sé iad. Tháinig an gortach san mbliadhain míle ocht gcéad dachad is a chúig. Luigh sé go trom ar na bailte atá ins an gceanntar so. Bhí bailte ann an uair sin nach bhfuil ann anois. Ní raibh acht tuairm's seacht n-acraí talmhan ag gach feirmeór an t-am sin. Bhí na daoine an-bhocht an uair sin. D'innis m'athair go leor sgéalta faoi'n ngortach. Seo ceann aca a d'innis sé dhom.

    Bhí fear ina chomhnuidhe i Leithrinn darb' ainm Seán Ó Coileáin. Bhí sé an-bhocht. Bhí sé pósta. Bhí clann aige. Bhíodar ina gcomhnuidhe leis. Ní raibh sé inann an chíos a fhághail do na tighearna talmhan. Lá amháin tháinig an tighearna talmhan. D'iarr sé an chíos air. Dubhairt an fear leis nach raibh sé aige, acht gheall sé dó go mbeadh sé aige taréis seachtmhaine. Bhí an tighearna sásta.
    Dhíol an fear a bhó agus a mhuca ag an aonach an lá ina dhiaidh si. Bhí sé go mall nuair a bhí sé ag teacht abhaile. Tháinig gaduidhe amach roimhe, agus ghoid sé an t-airgead uaidh. D'imthigh sé abhaile agus d'innis sé an sgéal da a chlann.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mairéad Ní Mháinnín
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Leithrinn, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Lúcás Ó Mainnín
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Leithrinn, Co. na Gaillimhe