(ar lean ón leathanach roimhe)
rabhadar ann. Tá fothracha na mbailte sin le feidcál indiú. Is féidir a fheiceál an áit a raibh na tighthe. Chuala mé m'athair ag rádh go rabhadar an bocht agus gur chaith an Tighearna talmhan amach ar an mbóthar iad mar nach rabhadar inann a gcíos a íoc. Bhí an Tighearna talmhan ina chomhuidhe ins an áit i n-a bhfuil Loch Cilltulach indiú. Fear an -gharbh agus an-shanntach dob eadh é. Ní raibh creideamh ar nith aighe. Protastúnach do bhí ann. Bhí feirm an-mhór aige. Ní raibh acht cúpla acra talmhan ag na feirmeóraibh. Sa mbliadhain míle ocht céad dachad is a cúig tháing an duibheachán ar na fataibh. Do theip ar an gcuid is mó aca. Do lobhuigh an chuid eile aca ins an bpoll.
An bhliadain ina dhiaidh sin ní raibh síol nó airgead aca. Bhí gortach sa tír. Na blianta roimhe sin bhí na fataí go h-an flúirseach. Bhí tuairim's seacht n-acraí talmhan ag gach feirmeóir. Bhí leath acra coirce aca. Mhaireadar ar an min coirce. Ní raibh p;úr ag teacht isteach thar sáile an t-am sin. BHí droch Riagaltas i nÉirinn, agus níor chabhruigheadar le na daoinibh.
Tá fothracha sean-tighe in ár bpáirc. D'innis m'athair domgo raibh fear agus a bean, agus a gclann
(leanann ar an chéad leathanach eile)