Scoil: Leithrinn

Suíomh:
Leithrinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Labhradha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0012, Leathanach 252

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0012, Leathanach 252

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leithrinn
  2. XML Leathanach 252
  3. XML “Ceapadóireacht - Ráthanna agus Liosanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    sean pholl ins an leas freisin. Tá sé beagnach dúnta. Comhnuigheann na coiníní ins an bpoll sin. Ní mharbhuigheann nó ní itheann aonduine na coiníní sin mar síleann siad go bhfuil draoidheacht ionnta. Chuala me go leór sgéalta ó m'athair faoi'n leas., Seo ceann aca.
    Bhí fear ina chomhnidhe i leithrinn uair amháin. Bhí sé an-shanntac. Bhí sgeac ag fás ina pháirc. Theastuigh uaidh é a bhaint amach. Chuaidh sé amach trathnóna amháin. Nuair a tháinig sé comhfada leis an sgeic chuala sé guth ag rádh leis "ná déan aon rud ormsa". Do léim cat dubh suas as an bpoll. D'orduigh sé dó a dul abhaile. Bhí faitchíos an domhain air, agus rinne se amhlaidh. Cúpla lá ina dhiaidh sin fuair sé bás. Deirtear gur sguab na sidheóga é.
    Seo sgéal eile a chuala mé. Bhí fear ina chomhnuidhe i leithrinn uair amháin. Théigheadh sé ar chuairt chuile oidhche. Bhí an leas ar a bhealach abhaile. Nuair a tháinic sé chomhfada leis an leas chuala sé ceol breágh. Sheas sé. Rith na sidheóga in dhiaidh. Bhí abha inaice leis. Léim sé treasna na
    h-abhann. Bhí sé sior ó na sidheóga annsin mar ní féidir leo dul treasna na h-abhann san oidhche.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mairéad Ní Mhainnín
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Leithrinn, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Lúcás Ó Mhainnín
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Leithrinn, Co. na Gaillimhe