Scoil: Leithrinn
- Suíomh:
- Leithrinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Labhradha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Árdán tailimh is eadh an lios, tá sí níos áirde ná an tailimh timcheall uirrí . Níl sgeachacha ar bith ag fás timcheall na leasa. Tá trí cinn ag fás istigh ins an leas. Tá sean poll i lár na leasa. Tá sé beagnach dúnta anois. Níor fhág aon duine lámh nó láidhe ar an bpoll sin ariamh, mar bheadh faitchíos orra roimh na sidheógaibh. Comhnuigheann na coiníní ins an bpoll sin. Ní mharbhuigheann nó ní itheann na daoine iad. Tá go leór sgéalta faoi'n leas sin. Chuala mé iad ó m'athair. Seo ceann aca.
Bhí fear amuigh oidhche amháin. Bhí sé ar chuairt. Bhí an oidhche an-dhordhca. Bhí sé go mall san oidhche nuair bhí sé ag teacht abhaile. Bhí an lios ar a bhealach. Ní bhíodh faitchíos air roimh rud ar bith. Nuair chonnaic sé comhfada leis an lios chuala sé ceól breágh. Stadh sé agus d'éist sé. Chuala sé an ceól arís. Ceol na sidheóg a bhí ann. Theastuigh uatha draoidheact a chur air agus é a tharraingt isteach. Do sgannruigh sé agus do rith sé a dhítceall. Nuair bhreathnuigh sé thart chonnaic sé go rabhadar ag teacht suas leis. Bhí abha inaice leis. Do léim sé treasna na habhann. Níl cead aca dul thar uisge san oidhche. Ní raibh siad inann greim a fhágail ar an bhfear. D'innis(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic an Bháird
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leithrinn, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Padráig Mac an Bháird
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leithrinn, Co. na Gaillimhe