Scoil: Leithrinn

Suíomh:
Leithrinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Labhradha

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Leithrinn | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0012, Leathanach 243

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

anois. Deirtear go raibh uisge annsin uair amháin. Árdan tailimh is eadh é. Tá sgeachaca ag fás ins an leas. Tá sean-poll i lár na leasa. Tá sé beagnach dúnta. Nior fhág aon duine láimh air ariamh mar bheadh faitchíos ortha roimh na sideógaibh. Comhnuigheann na coiníní ins an bpoll sin. Ni mharbhuigheann na daoine iad. D'innis m'athair go leor sgéalta dom faoin leas atá i gCluinagcat. Seo ceann aca. Oidhche amháin chuaidh fear ag imirt cartaí. Bhí sé ag teacht abhaile i lár na h-oidhche. Nuair a tháinig sé comhfada leis an leas chonnaic sé muc dubh agus a súilí tré lasadh. Sheas sé amach roimhe Ní leigfeadh sé dó dul abhaile. Rinne se a dhicheall cúpla uair act theip air. Bhí air dul arais arís. D'innis sé an sgéal dóibh. Cuir bean a' tighe a beirt mhac leis. Thug sí uisge coissichthe dó. Chuadar go dtí an leas. Chonnaic an fear an mhuc arís act ní fhaca na buachaillí é. Bhí sruthán in aice na leasa. Léimeadar thar an uisge. Nior lean an muc iad mar ní féidir le spiorad ar bith dul thar uisge san oidhche. Cúpla seachtmainí ina dhiaidh sin fuair an fear seo bás. Deirtear gur sguab na sideóga leo

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Caitlín Ní Mhulláin
Inscne
baineann
Seoladh
Leithrinn, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Seán Ó Mulláin
Gaol
tuismitheoir
Inscne
fireann
Seoladh
Leithrinn, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge