Scoil: Leithrinn

Suíomh:
Leithrinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Labhradha

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Leithrinn | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0012, Leathanach 226

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

siad ar maidin ní lasann siad teine. Fanann siad go bhfeiceann siad teine i dteach eile i dtosach. Éirigheann siad roimh éirighe na gréine. Téigheann siad go dtí an tobar fíor uisge. Tugann sid isteach fíor uisge roimh éirighe na gréine. Ní thaithnigheann sé leo sméaróid a leigint amach ar lá Bealtaine. Go minic tagann droch dhaoine agus goideann siad sméaróid. Ceapann siad go mbeadh mí-ádh ortha. Goideann siad im na mbó freisin. Ní dhéineann siad an obair sin indiú, ach deirtear go mbíodh na pisreóga sin acu fadó.
Deirtear goo mbíonn na sidheóga amuigh oidhche Samhna. Cuireann na sidheóga draoidheacht ar na smearaibh ar an oidhche sin. Ní itheann aon duine sméar ó'n lá sin go dtí deireadh na bliadhna.
Tuiteann an corr lá ar an bhfiche is ochtmhadh lá de Mí na Nodlag. Tugtar lá na leanbh neimh cionntach ar an lá sin. Tugtar an t-ainm sin air i gcuimhne an lae do chuir Iaruadh na leinbh chun bháis i ndóigh go bhfuigheadh sé Críost eatortha. Ní thosuigheann na daoine aon obair ar an lá sin. Cuimhnigheann an feirmeóir ar an lá sin. Ní thosuigheann sé an tEarrach ar an lá sin. Ní phósann daoine ar an lá sin. Ní thosuigheann siad aon obair nuadha ar an lá sin, mar bheadh mí-ádh ortha. Taithnuigheann le daoine obair a thosughadh ar an gcéad lá de'n bhliadhain.

Bailitheoir
Bríghid Ní Fhloinn
Inscne
baineann
Seoladh
An tÁthán, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Sean Mágh Fhloinn
Gaol
tuismitheoir
Inscne
fireann
Seoladh
An tÁthán, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge