Scoil: Leithrinn

Suíomh:
Leithrinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Labhradha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0012, Leathanach 218

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0012, Leathanach 218

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leithrinn
  2. XML Leathanach 218
  3. XML “Ceapadóireacht - Bréagáin agus Caitheamh Aimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    os cionn na súl. Rinneadar na málaí marsin. D'fhágadar cnapóg de'n turnip sáithte amach. Rinneadar an srón as. Fuaireadar sgian agus ghearradar poll fada le béal a dhéanamh. Annsin fuaireadar snáth, snáthad, méaracán agus síoda agus rinneadar culaidh éadaigh do'n bhábóig.
    Bhí cluiche eile ag na cailínibh beaga. CHuadar amach ins an bpáirc. Rinneadar lota ins an mballa. Bhailigheadar píosaí sean soithigh agus sean boscaí. Shocruigheadar iad ar an lota. Rinneadar siopa deas. Sheas cailín ins an siopa. Bhí sí ina Siopadóir. Tháinig na páistí eile chuice ag ceannacht uaithe. Dhíol an Siopadóir na hearraidh dóibh.
    Bhí cluiche deas ag na cailínibh beaga fadó. "Stacks" an t-ainm a bhí ar gcluiche sin. Chuadar go dtí carnán gainimhe. Thoghadar cúig clocha beaga. Bhí clocha an-bheag agus an-chruinn ag teastáil uatha. Annsin chuaidh beirt aca amach ins an bpáirc. Shuidheadar síos ar an bhféar. Thosuigheadar ag imirt. Thóg cailín amháin na cúig clocha ar bhos a lámh. Chaith sí suas iad. Nuair bhíodar ag teacht anuas rug sí ortha ar chúl a láimhe. Má theip ar an gcailín ceann amháin a bhreith air bhí sí amuigh, agus bhí na cúig clocha ag a compánach.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. siamsaíocht agus caitheamh aimsire (~5,933)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Fhloinn
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An tÁthán, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Sean Mágh Fhloinn
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An tÁthán, Co. na Gaillimhe