Scoil: Leithrinn
- Suíomh:
- Leithrinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Labhradha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ar leanamhaint 30adh-3-38sin air mar tá an gort sin ar cúl mo thighe. Tá páirc eile againn agus tá goirtín na leasa mar ainm uirthí. Tá lios ins an bpáirc sin. Tá rian na leasa ins an bpáirc sin, marsin tugaimíd Goirtín Na Leasa uirthí.Tá gort againn agus tugaimíd Gort Na Finne air. Tugtar an t-ainm sin air mar tá an gort sin an-mhaith agus an-shaidhbhir. Tugann sé barraí maithe dúinn. Tá páirc eile againn agus tá an Léanach mar ainm uirthí. Tá an t-ainm sin uirthí mar páirc bog gan aon mhaith innti is eadh í.Tá gort eile againn agus tugtar Páirc Árd air. Tugtar an t-ainm sin air mar tá sé níos áirde ná na páirceanna eile. Tá falla árd timcheall na páirce sin. Tá páirc eile againn agus tugtar aghaidh na gréine uirthí. Tugtar an t-ainm sin uirthí mar bíonn an grian ag taithneamh anuas uirthí gach lá.
- Bailitheoir
- Eibhlín Nic Diarmada
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An tÁthán, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máirtín Mac Diarmada
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An tÁthán, Co. na Gaillimhe