Scoil: Leithrinn
- Suíomh:
- Leithrinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Labhradha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ar leanamhaint 25adh-3-38eile le haghaidh cruithneacht.Tá páirc eile againn. Tá clos an Aifrinn mar ainm uirthí. Tá an pháirc sin suidhte i dTumárd. Tá sí i bhfad ó'n mbóthar. Tá clais an-mhór ins an bpáirc seo. Tá cnuic beaga timcheall na claise. Tugann siad fosgadh maith do'n chlais. Tá an chlais sin tirm i gcomhnuidhe. Is féidir le sluadh mór daoine a bheith ann in gan fhios do'n cheanntar. Ins an sean aimsir nuair a bhí na péin-dlighthe i bhfeidhm ní raibh cead ag na Gaedhil Aifreann a chloisteál. Do bhailigh na Gaedhil isteach ins an gclais. Do léigh an Sagart Aifreann ann. Bhí faitchíos an domhain orra roimh na saighdiúirí. D'fhágadar fear ar an árdán. Bhíodh sé ag faire. Go minic rug na saighdiúirí greim ar na Sagairt, agus do chuireadar iad chun bháis.Tá páirc eile againn. Gort na ceárdchan a thugaimíd uirthí. San am fadó bhí ceárdcha annsin. Bhí seanfhear ina comhnuidhe inaice leí. D'oibrigh sé ins an ceárdcha sin. Thuit an ceárdcha. Níl fothraca ar bith ann indiú.Tá páirc eile againn. Tá an léanach mar ainm uirthí. Talamh íseal is eadh é. Tá an pháirc cosamhail le portach.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Nic an Bháird
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leithrinn, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac an Bháird
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leithrinn, Co. na Gaillimhe