School: Leithrinn
- Location:
- Leithrinn, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Seán Ó Labhradha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leithrinn
- XML Page 185
- XML “Ceapadóireacht - Coinnle”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ar leanamhaint 10adh-3-38uair sin. Bhí sé inann coinnle a dhéanamh. Rinne sé coinnle do'n cheanntar seo. Ghearr na daoine luachair. Rinneadar beartí díobh. Cheangladar suas iad le luachair eile. Annsin thugadar iad do'n fear a bhí ag déanamh na coinnlibh.Phioc sé amach na traithníní maithe ramhra. Bhain sé an craicheann díobh. Thiormuigh sé iad cois na teineadh. Fuair sé gréis ó na daoinibh. Go minic cheannuigh sé í ó'n mbuistéar. Do leathaigh sé í. Ghearr sé na coinnle ceithre orlaigh ar fhaid. Chuir sé iad isteach i dtubán. Do leathaigh sé an ghréis anuas ortha. Chuimligh sé iad ins an dtubán. Nuair a bhí an ghréis ortha thóg sé amach iad. D'fhág sé iad i n-áit fhuar. Nuair bhíodar réidh thug sé iad ar ais do na daoinibh a thug na luachra dó. Níor cheannuigh sé an ghréis acht go h-annamh. Thug na daoine an ghreis dó agus rinne sé coinnle dóibh.Rinne an Siúinéar seastán coinnle dóibh. D'íocadar é. Bhíodh sé nó seacht gcinn in gach seastán. Bhí solas greasúnta maith acu annsin. Mhair an céard sin go bhfuaireadar lampaí agus ola. Ní raibh na lampaí sin cosamhail leis na lampaí atá againn indiú.
- Collector
- Bríghid Ní Fhloinn
- Gender
- Female
- Address
- An tÁthán, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Seán Mágh Fhloinn
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- An tÁthán, Co. na Gaillimhe