Scoil: Leithrinn
- Suíomh:
- Leithrinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Labhradha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leithrinn
- XML Leathanach 182
- XML “Ceapadóireacht - Coinnle”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ceapadóireacht 8adh-3-38
"Coinnle"San sean-aimsear ní raibh lampaí ola le fagháil. Théighidís a gcodhladh le solus an lae agus d'éirighidís leis an ngréin. Taréis tamaill rinneadar coinnle agus ní tháinigeadar thar Sáile. Rinneadar iad le luachair.Bhí fear ina chomhnuidhe i nDoirín. Rinne sé coinnle do'n ceanntar so. Ghearr na daoine an luachair. Thoghadar amach an luachair mhaith ramhar. Thugadar í go dtí an fear seo.Phioc sé amach traithníní maithe ramhar. Bhain sé an craiceann díobh. Do thiormuigh sé cois na teineadh iad. Cheannuigh sé gréis ó na daoinibh agus ó'n mbuistéar. Do leathuigh sé í. Rinne sé iad ceithre órlaigh ar fhaid. Do leathaigh sé an gréis isteach i dtubán.Chuimligh sé an ghréis ar na luachraibh. Sul a raibh siad fuar thóg sé iad amach. Ceangail sé iad le chéile.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Ioseph Ó Cearnaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceapánach, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Cearnaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceapánach, Co. na Gaillimhe