Scoil: Leithrinn

Suíomh:
Leithrinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Labhradha

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Leithrinn | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0012, Leathanach 113

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

Ar leanamhaint 30adh-11-37

iongnadh ortha. Bhí an pota dúnta. D'osclaidear an pota. Bhí píosa óir agus óir ins an bpota. Bhí áthas orra.
Choinnigheadar na rudaí. Choinnigh fear amháin an píosa óir agus choinnigh an fear eile an t-óir. Do leanadar ag obair go dtí an tráthnóna. Annsin chuadar abhaile. Bhíodar an-shásta. D'innis siad an sgéal dó na comharsannaibh. Bhí iongnadh orra freisin. Chuadar a codhladh an oidhche sin. Níor chodluigheadar. Chualadar torann ins an seómra ar feadh na hoidhche. Ní raibh faitchíos orra an chéad oidhche. Chualadar an torann céadhna trí oidche ina dhiaidh a chéile. Tháinig faitchíos orra annsin. Bhíodar bocht agus níor thaithnigh leo sgaradh leis an t-óir. Bhí faitchíos orra roimh na sidheógaibh.
An cúigeadh lá bhíodar tuirse, mar ní raibh nead codhlata aca le cúig oidhche. Chuireadar an t-óir ins an bpota. Chuadar go dtí an cnoc. Thocail siad poll. Chuir siad an pota isteach ins an bpoll sin. Do dhún siad an poll arís. Tháinigeadar abhaile. Tamall ina dhiaidh sin tháinig tinneas ortha. Fuaireadar bás tobann. Deirtear gur mharbhuigh na sidheóga iad. Bhí faitchíos ortha roimh na sidheógaibh. Bhí fearg

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire Nic an Bháird
Inscne
baineann
Seoladh
Leithrinn, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Pádraig Mac an Bháird
Gaol
ní fios
Inscne
fireann
Seoladh
Leithrinn, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge