School: Leitre (roll number 16164)

Location:
Liataire, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Seán Ó Reachtaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0012, Page 065

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0012, Page 065

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitre
  2. XML Page 065
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí buachaill ag obair ag feiliméar, uair amháin. Cruidhteachán a b'eadh an feilméar agus ba mhór leis a n-íosfadh an buachaill. Lá amháin, bhí sé ag faire ar an mbuachaill agus é ag ithe. Dubhairt an cruidhteachán:-
    "B'fhearr liom ná an baile seo, Baile an Buaille,
    Goile a bheith aagam chómh maith leis an mbuachaill."
    Dubhairt an buachaill leis:-
    "Dá n-éireócthá ar maidin chómh maith leis an mbuachaill
    An baile seo a shiubhal agus Baile na Buaille,
    Tigheacht abhaile annsin agus easair a bhuaileadh
    Bhéadh goile annsin agat, chómh maith leis an mbuachaill."
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Language
    Irish
  2. Bhí buachaill aimsire ag obair do mhnaoi darbh ainm dí "Maire Sheáin Liam". Bhí an bhean seo an-dhian ar an mbuachaill - chuirfeadh sí ag obair é ó dhubh go dubh agus is fíor-bheagán bídh a gheobhfadh an buachaill uaithe. Lá amháin dá raibh an buachaill ag baint arbhair le n-a chorrán, d'éirigh tuirseach de'n obair. Bhíodh sé ag feachaint gach réidh nóiméad ar aoirde na gréine sa deireadh dubhairt sé:-
    "A ghrian, a ghrian an raibh tú ariamh ar aimsear,
    Dá gcaithfeá ráithe sa bhliain , ag Máire Sheáin Liam,
    Is tappaidh a rachfá siar i do cheanntar."
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.