Scoil: An Clochar i gCárna

Suíomh:
Carna, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúracha na Trócaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 471

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 471

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar i gCárna
  2. XML Leathanach 471
  3. XML “Tobar na Seacht nIníon”
  4. XML “Tobar Síonnach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí Rí i gCúige Laighean fadó agus bhí seachtar inghean aige. Nuair a tháinig Naomh Pádraic go hÉirinn bhaist sé iad agus rinne sé mná-riaghalta díobh. D'imthigh siad leo ag múineadh an chreidimh agus tháinig siad go Conamara. Gach áit a shuidheadh siad síos ag leigint a sgíth thagadh tobar beannuighthe ann agus thógadh na daoine leachta ann. Chuaidh siad isteach ar an oileán Máisiún roimh éirighe gréine agus nuair a d'éirigh na daoine, chonnaic siad seacht gcosán ag dul go dtí an tobar beannuighthe. Tá tobar eile i Máigh Inis agus i lán áiteanna ar fud Chonamara.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Tobar na Seacht nIníon, Co. na Gaillimhe
  2. Bhí sagart in a chomhnuidhe i Maorus fadó agus sé an t-ainm a bhí air an t-Athair Síonnach. Bhí tobar beannuighthe 'san áit agus nuair a d'imthigh an sagart thug na daoine an t-ainm
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.