Scoil: An Clochar i gCárna
- Suíomh:
- Carna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar i gCárna
- XML Leathanach 468
- XML “Mac an Rí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Chuaigh mac Ríogh Éireann agus a dhearbhráthair amach ag fiadhach uair sa nGeimhreadh. Níor chas rud ar bith orra ach fiach dubh. Sgaoil mac an Ríogh urchar leis an bhfiach dubh, agus mharbhuigh sé é . Thuit an t-éan anuas ar an sneachta, agus bhí an sneachta dearg le-n a chuid fola. Nuair chonnaic an dearbhráthair an dath dearg ar an sneachta dubhairt sé nach bpósfadh sé bean ar bith go deo ach bean a mbeadh a cuid gruaige chomh dubh leis an bhfiach, agus a gruadha chomh dearg leis an bhfuil a bhí ar an sneachta.
D'imthigh sé leis annsin agus bhí sé ag siubhal is ag siubhal gur thuit an oidhche air. Fá dheire chonnaci sé solas i bhfad uaidh. Tharraing sé air agus chonnaic sé go raibh an solas i dteach beag ar thaobh an bhóthair.
Bhuail se ar an doras. Leig muinntir an tigh isteach é agus chuireadar céad míle fáilte roimhe. D'fhan sé leo an oidhche sin. Oidhche Dé Sathairn do b'eadh é. Nuair a d'éirigh sé ar maidin chuaidh sé féin agus muinntir an tigh go dtí an séipéal. Ar shroichint an séipéal dóibh bhí fear marbh in a luighe ag an doras. Nuair a bhí na daoine ag dul isteach sa séipéal bhuail gach duine aca cos ar an bhfear marbh. 'Cé'n fáth a bhfuilid ag déanamh sin?' a deir mac an Ríogh 'Níor íoc sé a fhiacha ' a deir na daoine agus fanfaidh sé annsin go n-íocfaidh duine éigin a fhiacha dhó'. 'Íocfaidh mise dhó iad' a deir mac an Ríogh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Maoilciaráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Roisín na Mainiach, Co. na Gaillimhe