Scoil: An Clochar i gCárna
- Suíomh:
- Carna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó darbh ainm an Dochtúir Ó Laoidhe agus lá amháin tharla gur casadh in aice na fairrge é. Bhí beirt fhear ag an fhairrge roimhe agus bhí siad ar tí a dhul amach ag iasgach. D'fhiafruigh sé díobh an dtiubhraidís amach ag iasgach i n-éinfeacht leo é agus dubhradar go dtabharfadh agus fáilte. Nuair a bhíodar sgathamh amach bhí an dochtúir ag dhul aglasadh a phíopa agus dubhairt duine de na fir leis 'An bhfeiceann tú an réimh talmhana sin má lasann tú an cipín beidh sé sin in a fhairrge'. Bhíodar dhá cheistniú agus cheapadar go mba fhear an-chliste a bhí ann.
Sa deire d'fhiafruigheadar de cérbh fhearr leis céird nó alláin agus dubhairt seisean gur bfhearr leis alláin. Thugadar leabhar dhó agus dubhradar leis gan í a oscailt go ceann seacht mbliana agus go mbeadh sé 'na dhochtúir iongantach mara n-osclóchadh sé í. Ach níor choinnigh an dochtúir a gheallamhaint mar d'oscail sé an leabhar faoi cheann dhá bhliain agus ní raibh sé inann a ceathrú cuid a léigheamh, ach mara raibh féin deirtear nach dtiocfaidh aon dochtúir go deo go h-Éirinn a bhéas chomh maith leis.- Bailitheoir
- Nóra Nic an Iomaire
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Coillín, Co. na Gaillimhe