Scoil: An Clochar i gCárna

Suíomh:
Carna, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúracha na Trócaire

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Scéal

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 454

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Casadh beirt fhear dhá chéile lá amháin agus d'fhiafruigheadar dá chéile cé aca bfhearr an fhírinne nó an bhréag. Dubhairt fear aca go bfhearr an fhírinne agus dubhairt an fear eile go bfhearr an bhréag. Faoi cheann sgataimh eile casadh fear eile dhóibh agus d'fhiafruigheadar de cé ab fhearr an fhírinne nó an bhreag agus dubhaairt seisean go bfhearr an fhírinne. Faoi cheann sgataimh eile casadh bean dóibh agus rugadar uirtho agus thugadar isteach ins an teach í agus dubhairt siad go bhfáfaidís istigh í nó go ngabhfadh an fear an bóthar a d'innseóchadh dóibh cé aca a phósfadh í. Ba ghearr an t-achar go bhfaca siad fear ag teacht an bóthar agus dubhradar leis a theacht isteach go bhfeicfidís cé aca a mbeadh an bhean aige.
D'fhiafruigh sé den chéad mhac cé an aois a bhí sé agus dubhairt sé'chuir mé soitheach as na hIndiacha lán de phíopaí cailc agus tá chuile ceann aca caithte agam ach an ceann atá i mo bhéal'. D'fhiafruigh sé den dara mac cé an aois a bhí sé agus dubhairt sé 'chuir mé soitheach as Sasana lán le ráisiúirí agus tá chuile ceann aca caithte agam ach an t-aon sean-cheann atá agam do mo bhearradh féin léithe. D'fhiafruigh sé den tríomhadh mac cé an aois a bhí sé agus dubhairt sé 'chuir mé soitheach as Albain lán le snáithidí agus níor chaill mé ceann agus níor dhiol mé ceann agus tá chuile ceann caithte agam ach an ceann atá ag fuagháil mo bhríste.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Nóra Nic an Iomaire
Inscne
baineann
Aois
14
Seoladh
An Coillín, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
(ní thugtar ainm)
Gaol
tuismitheoir
Inscne
fireann
Seoladh
An Coillín, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge