Scoil: An Clochar i gCárna
- Suíomh:
- Carna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar i gCárna
- XML Leathanach 452
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí táilliúr ann fadó agus bhí sé an-lag. Lá amháin chroch sé páipéar taobh amuigh dhá dhoras agus tháinig go leor cuileogaí agus d'ísligheadar air, ní dhearna sé ach a bhos a tharraingt agus céad aca a mharbhú. Ní dhearna sé an chéad lá eile ach páipéar eile a chrochadh ar an doras agus bhí sé agríobhtha ar an bpáipéar 'fear marbhú na gcéadta' mar gheall ar an méid cuileogaí a mharbhuigh sé an lá roimhe sin. D'imthigh sé leis annsin go dtí gabha agus dubhairt sé leis claidheamh a dhéanamh dhó. Rinne an gabha an claidheamh mar a dubhairt an táilliúr leis.
Nuair a bhí an claidheamh déanta d'imthigh an táilliúr leis agus ba ghearr an t-achar go dtáinig sé go dtí áit a raibh daoine ag tógáil caisleáin. D'fhiafruigh an fear dó a bhí ag tógail an chaisleáin an ngabhfadh sé ag faire an chaisleáin an oidhche sin. 'Cad chuige a ngabhfainn-se ag faire an chaisleáin' a deir an táilliúr. Dubhairt an fear go dtéigheann duine dhá fhaire chuile oidhcheagus go mbíonn sé marbhú agus an méid den chaisleán a bhíonns déanta bíonn sé leagtha. 'Má thugann sibh cuig chéad punt dom', a deir an táilliúr 'gabhfaidh mé dhá fhaire'. Dubhairt an fear go dtiubhradh ach dá mbeadh sé beo ar maidin. Chuaidh an táilliúr annsin suas ar bharr an chaisleáin agus ba ghearr an t-achar go bhfaca sé dhá fhathach ag teacht agus thosaigh sé ag caitheamh clocha leo(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Nic an Iomaire
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Coillín, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Mac an Iomaire
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60