Scoil: An Clochar i gCárna

Suíomh:
Carna, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúracha na Trócaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 451

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 451

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar i gCárna
  2. XML Leathanach 451
  3. XML “Peil agus Iomáin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Imrightear a lán cluiche peile mór-thimcheall mo cheanntair gach Domhnach agus lá saoire beagnach. Domhnach amháin bhí an cluiche dhá imirt idir Clochán agus Cárna. Bhí cúig fhear déag ar gach taobh. Sé an sáirsint a bhí mar captaoin agus corr-uair an sagart. Siad na fir a bfhearr a toghadh. Is i bpáirc mhór leathan a h-imrigheadh an cluiche peile. Ba iad imirteoirí Chárna na h-imirteoirí a bfhearr agus is aca a bhí an lá. Bhíodh cuid eile de na fir ag imirt i gcoinnibh a chéile ag iarraidh an liathróid a chur ó bhaile go baile agus mar sin de. Is iomdha sin spraoidh agus caitheamh aimsire a bhíonns ag na buachaillí agus ag na fir.
    Bíonn cruinniú mór i gCárna an lá sin idir fir agus mná ag faire ar na himirteoirí féachaint cé aca is fearr. Duine ar bith a bhíonn ag iarraidh a dhul isteach sa pháirc an lá sin caithfidh sé sé pingine nó scilling a íoc. Ní théigheann mórán isteach ins an bpáirc mar gheall air sin ach amháin na daoine saidhbhre a bhfuil cuimse airgid aca. Bhíodh imirteoirí an Chlocháin gléasta dearg agus imirteoirí Chárna gléasta gorm, brístí gearra bána ar an dá dream agus na casógaí gorma agus dearg os a gcionn sin. Bhiodh an liathróid go han mhór. Imrigheann na daoine a lán cluichí fa'n aer ag caitheamh an úird agus ag bualadh liathróid láimhe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. siamsaíocht agus caitheamh aimsire (~5,933)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Nic an Iomaire
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    An Coillín, Co. na Gaillimhe