Scoil: An Clochar i gCárna

Suíomh:
Carna, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúracha na Trócaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 441

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 441

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar i gCárna
  2. XML Leathanach 441
  3. XML “Bia na Seanaimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. D'itheadh na daoine trí bhéilidhe biadh sa ló fadó. Sé an t-ainm a bhí aca ar gach béile ná bricfeasta, dinnéar agus suipéar. D'ithidís ceann ag a naoi a chlog sé sin a mbricfeasta, agus a ndinnéar ag a trí a chlog agus a suipéar ag a naoi sa Samhradh agus ag a deich san Geimhreadh. Ba ghnáthach le daoine a dhul amach ag obair roimh a mbricfeasta cuir i gcás ag gort-ghlanadh nó ag baint féir le haghaidh beithidhigh. Bhíodh arán agus tae aca ar a mbricfeasta agus im a dheinidís fein sa mbaile, fataí agus bainne ar a ndinnéar, agus arán agus tae arís ar a suipéar agus go han minic min-choirce agus bhíodh sí an-deas, mar bhiodh bainne air agus corr-uair chuirtí siúcra air.
    D'ithidís fataí go minic mar do b'é an biadh ba choitianta é a bhíodh ag na daoine. D'óltaí a lán bainne go minic agus go mór-mór bainne géar. An t-am sin bhíodh an bord i dteannta an bhall agus is minic a crochtaidhe suas é nuair nach mbíodh beile ar siubhal. Bhiodh trí shaghas aráin ag na daoine fadó, arán min-choirce, arán fataí agus arán bocstí agus b'álainn an biadh é agus bhíodh dúil ag gach duine ann. Dheintí an bocstí as fataí sgríobhtha agus dheintí arán fataí as cúpla glaic plúir meascaithe le cúpla fata. Ní ití feoil chor ar bith fadó ach anois is arís caoir-fheoil. D'ití a lán éisc agus bhíodh sé an-fholláin, gheibhidís é sin ins an bhfarraige go h-an flúirseach. Bhíodh biadh speisialta ag na daoine uile Domhnach Cásca agus rudaí eile mar sin cnuasach trágh Aoine an Chéasta agus mar sin de.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Nic an Iomaire
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    An Coillín, Co. na Gaillimhe