Scoil: An Clochar i gCárna

Suíomh:
Carna, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúracha na Trócaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 437

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 437

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar i gCárna
  2. XML Leathanach 437
  3. XML “Leipreacháin agus Murúcha”
  4. XML “Cluichí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sa mbaile imrigheann mé a lan cluichí cuir i gcás innsint sgéalta cois na teine gach tráthnóna Geimhridh agus muid go léir cruinnithe le chéile idir sean agus óg. Innsigheann muid sgéalta faoi na Fianna agus bíonn an-spraoidh againn:- Cluiche eile a imrigheann muid is eadh ag dul i bhfolach ar a chéile agus bíonn muid ag imtheacht suas ins na seomraí agus amach ar na sráideanna. Sa Samhradh ag piocadh fraochóga agus is álainn iad le n-ithe. Agus sa bhfóghmhar ag piocadh cnó agus sméara agus cuireann muid a lán siúcra ortha agus bíonn siad an-deas agus milis. Sa nGeimhreadh ag breith ar éin i gcliabháin agus freisin ag cur ciseog amuigh ins na páirceanna chun breith ar na héin agus is iomdha spraoidh a bhíonn againn. Imrigheann muid thart timcheall ag an scoil 'Bail ó Dhia ar na bulláin' agus 'Dáréag fear
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. siamsaíocht agus caitheamh aimsire (~5,933)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Nic an Iomaire
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    An Coillín, Co. na Gaillimhe