Scoil: An Clochar i gCárna

Suíomh:
Carna, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúracha na Trócaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 419

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 419

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar i gCárna
  2. XML Leathanach 419
  3. XML “Bréagáin agus Caitheamh Aimsire”
  4. XML “Laethanta Áirithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    chiseog agus cuireann siad píosaí aráin isteach faoi ionnas go dtiocfaidh an luin agus an smólach agus na h-éineacha go léir chun é a ithe.
    Bíonn an-spórt ag cailíní agus ag buachaillí as na h-éin agus sin é an fáth go dtugann siad an oiread sin biadh le n-ithe dóibh. Deineann na buachaillí súil ribe chun breith ar na coiníní. Gach poll a bhfuil eolas aca a dtéigheann na coiníní, téigheann siad ann agus cuireann siad an tsúil ribe ar an bpoll sin ionnas go dtiocfaidh an coinín amach agus go dtachtadh an t-súil ribe é. Annsin a bhíonn an t-áthas ortha mar tugann siad an coinín abhaile agus bíonn dinnéar breágh aca air. Is iomdha caitheamh aimsire eile a bhíonn's aca mar deineann siad teach bábóige de chlocha nó d'adhmad agus bíonn sé an-deas ar fad. Sé sin an meid caitheamh aimsire a bhíonn ag na páistí mór-thimcheall mo cheanntair.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bíonn laethanta áirithe ag na daoine chun tosnú ar obair. Cuir i gcás go raibh na daoine ag dul ag cur fhataí d'fhanaidís go dtí an Aoine mar deirtear go mbíodh an t=ádh ag baint leis. Níor mhaith leo tosnú Dé Luain mar má dhéanann tú droch-obair Dé Luain déanfaidh tú droch-obair ar feadh na seachtmhaine agus mar sin de. Saghas pisreoga iad sin a bhíonn ag na daoine ach ní chleachtuigheann cuid
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Nic an Iomaire
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    An Coillín, Co. na Gaillimhe