Scoil: An Clochar i gCárna
- Suíomh:
- Carna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar i gCárna
- XML Leathanach 418
- XML “Jack - An Gadaí Dubh”
- XML “Bréagáin agus Caitheamh Aimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)amach ar an mbóthar arís agus an chaora a chrochadh leis gur ith sé féin agus Jack í. Nuair a tháinig an búistéar bhí an chaora crochta aca. Chuir an Gadaí Dubh figheog fá'n a mhuineál agus dubhairt leis gan tada do ghoid riamh nó go dtachtfadh an fhigheog é. Níor choinnigh an búistéar an geall a thug sé, agus tachtadh é. chuaidh Jack ag gaduidheacht nuair a cailleadh a athair, agus ní raibh a shárú le fághail ag an gceird. Bhí teach feiliméara in aice leis agus níor fhág sé cearc ná lacha ann.
- Is maith le gach cailín agus gach buachaill a bheith ag déanamh bréagán mar chaitheamh aimsire mar bíonn an-spraoidh aca. Deineann muid go leor bláith-fhleascanna agus slabhraidhe de nóiníní agus bíonn siad an-deas. Cuireann muid na blátha geala atá ar an nóinín isteach ar shnáithe agus cuireann muid faoi nár muineál é agus taithnuigheann sé le gach duine. Corr-uair eile is amhlaidh a chruinnigheann muid a lán páipéar agus éadaighe le chéile agus deineann muid bábóg deas. Rud eile a dheineann na garsúin seadh topaí agus is as adhmad a dheintear iad agus cuirtear cos adhmaid ann agus bíonn sé go h-an deas ar fad. Rud eile a dheineann na buachaillí freisin seadh ciseog agus cuir i gcás go bhfuil lá sneachta ann, leagann siad amach ins an bpáirc an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Nóra Nic an Iomaire
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Coillín, Co. na Gaillimhe