Scoil: An Clochar i gCárna

Suíomh:
Carna, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúracha na Trócaire

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
An Clochar i gCárna | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 418

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Is maith le gach cailín agus gach buachaill a bheith ag déanamh bréagán mar chaitheamh aimsire mar bíonn an-spraoidh aca. Deineann muid go leor bláith-fhleascanna agus slabhraidhe de nóiníní agus bíonn siad an-deas. Cuireann muid na blátha geala atá ar an nóinín isteach ar shnáithe agus cuireann muid faoi nár muineál é agus taithnuigheann sé le gach duine. Corr-uair eile is amhlaidh a chruinnigheann muid a lán páipéar agus éadaighe le chéile agus deineann muid bábóg deas. Rud eile a dheineann na garsúin seadh topaí agus is as adhmad a dheintear iad agus cuirtear cos adhmaid ann agus bíonn sé go h-an deas ar fad. Rud eile a dheineann na buachaillí freisin seadh ciseog agus cuir i gcás go bhfuil lá sneachta ann, leagann siad amach ins an bpáirc an

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Nóra Nic an Iomaire
Inscne
baineann
Aois
14
Seoladh
An Coillín, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge
(ar lean ón leathanach roimhe)

amach ar an mbóthar arís agus an chaora a chrochadh leis gur ith sé féin agus Jack í. Nuair a tháinig an búistéar bhí an chaora crochta aca. Chuir an Gadaí Dubh figheog fá'n a mhuineál agus dubhairt leis gan tada do ghoid riamh nó go dtachtfadh an fhigheog é. Níor choinnigh an búistéar an geall a thug sé, agus tachtadh é. chuaidh Jack ag gaduidheacht nuair a cailleadh a athair, agus ní raibh a shárú le fághail ag an gceird. Bhí teach feiliméara in aice leis agus níor fhág sé cearc ná lacha ann.