Scoil: An Clochar i gCárna

Suíomh:
Carna, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúracha na Trócaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 415

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 415

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar i gCárna
  2. XML Leathanach 415
  3. XML “Scéal - Conas mar Fuair Loch Deirg Dheirc A Ainm”
  4. XML “Goll Mac Mórna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fadó ariamh bhíodh na filí ag imtheacht ó thigh go tigh agus go mór mhór go tighthe na n-Ard Rí, agus d'iarraidís bístín dóibh féin i gcóir ha h-oidhche. Na rudaí a chloisidís na Rithe ag rádh ar feadh na h-oidhche dheinidís amhrán fútha ar maidin.
    Uair amháin do chuaidh file go dtí tigh an Ard-Rí ach bhí fhios ag an Rí céard a thug ann é, agus i gcaitheamh na h-oidhche d'éirigh troid eatorra. Rug an Rí ar an bhfile agus bhain sé súil as. Rith an file chun an tobair chun na súile do nígheadh. Le neart na fola bhí an t-uisge dearg. Dhein sé loch mór de'n tobar céadna agus ó shoin amach tugtar Loch Deirg Dheirc mar ainm ar an loch sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    2. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    3. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Ghaora
    Inscne
    Baineann
    Aois
    12
    Seoladh
    An Coillín, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Colm Ó Ghaora
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    84
    Seoladh
    An Coillín, Co. na Gaillimhe
  2. Fear ana láidir do beadh Goll Mac Mórna, agus bhíodh sé i gcómhnuidhe in éineacht le Oisín sul a ndeacha sé go Tír na n-Óg. Tar éis imtheacht d'Oisín bhíodh an-bhrón ar Gholl- tá sean fhocal againn ' A Ghoill ná bíodh brón ort'. Duine de na Fianna do beadh é seo, agus bhíodh Fionn ag rádh leis i gcómhnaidhe gan bhrón a bheith air, go dtiocfadh Oisín
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.