Scoil: An Clochar i gCárna

Suíomh:
Carna, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúracha na Trócaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 412

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 412

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar i gCárna
  2. XML Leathanach 412
  3. XML “Conán Maol”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann fadó agus sé an t-ainm a bhí air Conán Maol. Duine de na Fianna do b'eadh é. Bhíodh sé i gcomhnaidhe ag eascainidhe agus bhaisteadar 'Conán Maol na Mallacht' air. Uair amháin bhí baintreabhach i mBlá Cliath agus ba chol-cheathar dhó í. Ba mhaith leis í a phósadh ach níor éirigh leis é sin do dhéanamh. Chuaidh sé ar bharr cnoc annsin agus ghlaoidh sé i mbarr a chinn 'tearaigh anuas anseo go bpósfaidh mé thú'.Níor chuala aon duine é agus d'imthigh sé do'n cnoc. Nuair a bhí sé ag tigheacht tríd na sléibhte chonnaic sé capall agus searach. Chuaidh sé ag marcaidheacht ar an gcapall agus casadh Fionn agus na Fianna dó, agus d'fhiafruigh siad de cá raibh sé agus sin a d'innis sé dóibh.
    Dubhairt Fionn leis 'Tearaigh anuas den chapall sin'. Annsin thosuigh sé ag eascainidhe agus thosuigh siad sin ag glaodhach Conán Maol na Mallacht air. Tháinig sé anuas de'n chapall annsin agus chuaidh sé in éinfheacht leis na Fianna. Chuaidh Conán agus na Fianna go dtí Sléibhte Chill Mhanntáin agus casadh an bhaintreabhach dóibh agus chuaidh Conán 'na diaidh agus d'fhiafruigh sé di an bpósadh sí é agus dubhairt sí nach bpósadh. Níor thaitnigh sé sin leis agus rith sé le'n anam go dtí na Fianna agus bhí an-bhriseadh croidhe air faoi nach bpósadh an bhean sin é. Dubhairt sé le Fionn bean deas uasal a fhághail dó agus dubhairt Fionn an bhfuil tú le scaradh uaim. Dubhairt Fionn go scaradh mar go gaithfeadh sé cailín deas a fhághail le h-aghaidh pósadh. Dubhairt sé le Fionn an bhaintreach a mhealladh go bpósfadh sé í agus dubhairt sé nach ndéanadh sé é. Deirtear gur cailleadh é le briseadh croidhe an oidhche sin nuair na bhfuigheadh sé an baintreach le pósadh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Nic an Iomaire
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    An Coillín, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Padraig Mac an Iomaire
    Gaol
    Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Coillín, Co. na Gaillimhe