Scoil: An Clochar i gCárna

Suíomh:
Carna, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúracha na Trócaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 407

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 407

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar i gCárna
  2. XML Leathanach 407
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí Rí ann uair amháin agus bhí draoidheadóir aige. Ba é an draoidheadóir a b'fhearr sa domhan an fear seo. 'Seanóir' a bhí mar ainm air. Bhí Seanóir ag taisteal na tíre lá agus agus tháinig tuirse mór air de bhárr an aimsir. Tháinig sé go dtí teach beag talmhaidhe agus d'iarr sé biadh agus deoch leamhnachta, agus píosa aráin crutihneachtan ar mhias adhmaid.
    D'ith agus d'ól Seanóir a sháith agus thug sé faoi deara an fhad is bhí sé ag ithe go mba bhean tighe bheannuighte a bhí i mnaoi an talmhaidhe. Má bhí an teach beag féin bhí sé glan sgiúrtha agus bhí chuile rud in a áit féin. Ach cheap sé nach bhfaca sé riamh beirt chomh brónach leo. Ba dhuine cairdeamhail é Seanóir. 'Cé'n fáth do bhurdhartha' a deir sé le bean an talmhaidhe. Thosuigh an bhean ag caoineadh agus níor fhan smid cainte aice. 'Ó a deir an fear is beirt gan clann sinn agus dá mbeadh oiread m'ordóige de mhac againn ní bheadh bean sa domhan chomh sásta le mo mhnaoi.
    D'imthigh Seanóir leis ar a bhealach agus níor fhéad sé an talmhaidhe ná a bhean a chur as a cheann ná an focal a dubhairt an talmhaidhe leis 'oiread m'ordóige de mhac'. Bhí an draoidheadóir an chairdeamhail le Bainríoghan na Sidheóg a bhí sa mbruidhean i gCnoc Meadha. Chuaidh sé ag triall uirri, agus d'innis di faoin mbeirt a bhí gan clannagus an rud a dubhairt an fear 'nach mbeadh bean chomh sásta le'n a mhnaoi dá mbeadh oiread m'ordóige de mhac aice'.
    Dubhairt Bainrioghan na Sidhe go gcuirfeadh sí féin leanbh beag chuca. Ar maidin lá'r na bhárach nuair a d'éirigh an talmhaidhe bhí leanbh beag in a lámhaibh ag an mnaoi. Bhí áthas an domhain ar fhear an tighe nuair a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0700: Tom Thumb
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Ní Cartaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    10
    Seoladh
    Carna, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Séamus Caulfield
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    85