Scoil: An Clochar i gCárna
- Suíomh:
- Carna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá suas le deich gcinn de bhóthair mór-thimcheall an cheanntair seo. Ó Cárna teigheann ceann go Maighnis, ceann go dtí Dubh-ithir, ceann go dtí anÁird, go Más agus go dtí Leath-Mhás, ceann eile tríd Cill Chiaráin go Gaillimh, agus ceann go dtí an Caiseal agus uaidh sin go Clochán.
Siad na bóithre atá ag dul go Gaillimh, agus go dtí an Clochán na cinn is mó le rádh. Cuireadh caoi orrs tamall ó shoin, agus táid go h-ana-mín is sleamhain anois. 'Na dhiaidh sin sé an bóthar a ritheann's tré Carna an ceann is fearr agus is deise. Tá sé ana leathan agus gidh go bhfuil roinnt clocha ann anseo agus ansiúd níl aon dochar ionnta.
An bóthar atá ag dul go Maighnis tá sé go maith freisin gidh nár cuireadh caoi air le fada an lá. Níl an ceann a theigheann's chomh fada le Dubh-itheir go maith in aon chor- tá sé an-chlochach, agus is corr-uair a d'fheicfeá gluaisteán ann.
Ní mórán le rádh iad bóthar Mháis nó Leath Mháis, ach le tamall táthar á ndeisiú. Is mór an leas é sin d'fhir oibre na h-áite. Saothuigheann gach duine aca tuairim's punt sa t-seachtmhain ann. Is gearr anois go mbeidh slacht mór curtha ar na bóithre céadna aca.
An bóthar idir Carna agus an Clochán tá sé á dheisiú freisin agus an-chuimse fear ag obair ann. Ceaptar nach mbeidh sé críochnuighthe go ceann cúpla mí eile.- Bailitheoir
- Nóra Nic an Iomaire
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Coillín, Co. na Gaillimhe