Scoil: An Clochar i gCárna

Suíomh:
Carna, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúracha na Trócaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 402

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 402

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar i gCárna
  2. XML Leathanach 402
  3. XML “Seanscéal - Murchadha agus Meannachair”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fadó, bhí beirt bhuachaillí ann, agus Murchadha agus Meannachair na hainmneacha a bhí orra. Lá amhain chuadar ag baint sméara. Nuair a bhí lán channa bainte ag Murchadha dubhairt sé le Meannachair aire a thabhairt dóibh go dtiocfadh sé féin ar ais le canna eile, ach ní mar sin a rinne Meannachair, d'ith sé gach ceann aca. Nuair a tháinig Murchadha ar ais bhí fearg an domhain air, agus chuaidh sé ag iarraidh slat chun Meannachair a bhualadh. 'Céard atá uait anois,' a deir an t-slat? 'Tá mé ag iarraidh slat, a dhéanfadh gad, gad a bhuailfeadh Meannachair, a d'ól mo chuid subh chraobh'. 'Ní bhfaigheadh tú mé' a deir an t-slat gan tuagh a bhainfeas mé'.
    Chuaidh sé go dtí an tuagh. 'Cá bhfuil do thriall?' a deir an tuagh. 'Tá mé ag iarraidh tuagh a bhainfeadh slat, slat a dhéanfadh gad, gad a bhuailfeadh Meannachair a d'ól mo chuid subh chraobh'. 'Ní bhfuighe tú mise' a deir an tuagh gan chloch a ghéarochas mé'. chuaidh sé chuig an chloch. 'Cá bhfuil tú ag dul indiu?' a deir an chloch. 'Tá mé ag iarraidh cloch, cloch a ghéaróchas tuagh, tuagh a ghearrfas slat, slat a dhéanfadh gad, gad a bhuailfeadh Meannachair a d'ól mo chuid subh chraobh.' 'Ní bhfuighe tú mé' a deir an chloch gan uisge a fhliuchfas mé. Chuaidh sé go dtí an uisce. 'Céard atá uait?' a deir an t-uisge. 'Uisge a fhliuchfas cloch, cloch a ghéaróchadh tuagh, tuagh a ghearrfas slat, slat a dhéanfas gad, gad a bhuailfeas Meannachair a d'ól mo chuid subh chraobh '. ''Ní bhfuighfidh tú mise' a deir an t-uisge gan chon a snámhfas mé'. Chuaidh sé go dtí an cú. Tá mé ag iarraidh con, cú a snámhfasuisge, uisge a d'fhliuchfad cloch, cloch a ghéarócadh tuagh, tuagh a ghearrfadh slat,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT2030: The Old Woman and her Pig
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bairbre Ní Liodáin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    12
    Seoladh
    Roisín na Mainiach, Co. na Gaillimhe