Scoil: An Clochar i gCárna

Suíomh:
Carna, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúracha na Trócaire

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Mac na Baintrí

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 400

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhí fear ann fadó, agus phós sé bean dárbh ainm 'Maire Ruadh'. Tae -éis seacht mbliain bhí mac aca agus Tomás dob ainm dó. Cúpla bliain in a dhiaidh sin fuair an fear bás, agus bhí an bhean an-áthasach, mar cheap sí go mbeadh saol breagh aice anois. Ach ní h-amhlaidh a bhí, mar dubhairt an mac léithe bheith ag glanadh léithe as an teach, gur leis féin é. Ach sheas sí an fód go teann in a aghaidh ar feadh tamaill- a teach féin a deir sí, agus cos ní chorrócadh sí as dó. Lá amháin ámhtach bhí an mac le cuthach agus le bánaidhe, agus céard a rinne sé ach buille de thuagh a thabhairt d'á mháthair gur bhain sé an ceann di. Bhí sé leis féin sa teach annsin agus thugtaí 'Mac na Baintrighe' air. Ar chuma ar bith ba ghearr gur shroich an sgéal faoi dhúnmharbhadh a mháthar na peelers, agus tugadh i láthair na cúirte é. Mhionnaigh sé sa gcúirt gurbh é an fáth a chuir sé deire le'n a mháthair mar gur chuir sí féin a athair chun báis le nimh. Dubhairt an iústais nár chreid sé a leithéid de sgéal mar go raibh níos mó grádha aice air ná a leithéid de chleas gránda a imirt air.
Cuireadh bliain príosúin air ach d'éirigh leis éalódh amach. Rug na peelers air aríst, agus é in a chodladh in a thigh féin. Chuireadar i bpríosún aríst é, agus d'fhan sé ann go raibh a théarma caithte. Leigeadh saor annsin é, agus tháinig sé abhaile lán t-sásta. Ach fé cheann tamaill d'airigh sé rud sa tighe, agus chuile mhaidin nuair d'éirigheadh bhíodh fear dubh le

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Bairbre Ní Donnchadha
Inscne
baineann
Aois
13
Seoladh
Roisín na Mainiach, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge