Scoil: An Clochar i gCárna

Suíomh:
Carna, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúracha na Trócaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 399

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 399

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar i gCárna
  2. XML Leathanach 399
  3. XML “Grabaire Beag Fhinn Mhic Chumhaill”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    i riocht is go raibh áit fhada fhairsing aca ann. Annsin shocruigh Fionn isteach ann iad í féin agus a Grabaire, agus bhí teachín deas aca i lár an chrainn. Tháinig sé abhaile go h-Éirinn annsin go dtí an áit a raibh an chailleach ar stuaic an teampuill. Bhí sí beo ann ceart go leor nuair a tháinig sé leis an gcloigeann. 'Ó a deir sí leis 'a leithéid de cheann breagh is bhí air'. ' Tá sé in a cloigeann breagh a deir Fionn ach tá cúl-fhiacla grándha ann, agus tá siad ag cur mí-shlacht mór air'.Chrom an t-sean bhean anuas go bhfeicfeadh sí iad, ach nuair a bhreathnuigh sí siar 'na bhéal bhuail Fionn iarraidh de'n chloigeann uirri, agus d'ionnsuigh sí fein agus an cloigeann a chéile, nó gur mharbhuigh an cloigeann an t-sean -bhean. Ba í máthair an Ríogh mhóir an t-sean-bhean agus séard a bhí in a h-intinn aice .... ar Fionn fé geasa, é a chur chun báis sul a mharbhuigheadh sé a mac.
    Chuaidh Fionn abhaile go dtí a áit féin nuair a bhí an t-sean-bhean marbh aige. An teachín seo a bhí déanta sa gcrann do'n Ghrabaire is dá bhean, nuair a bhíodh aimsear bhreagh ann bhíodh sé lán le h-éin as na coillte, agus sé an obair is mó a bhíodh ar an mhnaoi 'á gcoinneáil ruaigthe amach as an teach. Lá amháin bhuail sí slat ar ceann aca agus mharbhuigh sí é. Éinín óg a bhí ann agus nuair a tháinig a mháthair fuair sí marbh roimpi é. Ní dhearna sí ach craoibhín glas a thógáil agus é a chur isteach i mbéal an éinín óig. Chomh luath is arinne sí sin, d'éirigh an t-éinín chomh breagh, sláinteamhail is bhí sé ariamh.
    Nuair a chonnaic bean an Ghrabaire sin, rug sí féin ar an gcraoibhín glas agus sháith sí isteach i mbéal an Ghrabaire é, agus d'éirigh sé in a bheatha arís. Sin é an uair a bhí ant-áthas air fein agus ar a mnaoi. Bhí sé arís in a gaisgidheach chomh maith, laidir is a bhí sé ariamh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Nic an Iomaire
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Coillín, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Tomás Mac an Iomaire
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Seoladh
    An Coillín, Co. na Gaillimhe