Scoil: An Clochar i gCárna
- Suíomh:
- Carna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1.
Seo é an fear measamhail do nearcuigh dlighe Éireann,
Thug conghnamh do gach aoinne i bhfus agus thall,
Mar rinne sé an smaoineadh gur mhaith sé leath cíos dhúinn
Agus gur choinnigh sé in Éirinn an méid a bhí ann.
2.
Tá gach fear annseo anois mar a chéile.
Na feilméara is tréana dá raibh thart san oileán,
Iad a' dhul go dtí an stáisiún ag sineál a gcártaí
Agus chailleadar a náire mar gheall ar an bhfeoil.
3.
Tá buistéar in Árann bhfuil meas agus cáil air
Tá aithne ins gach áit air ag sean agus óg.
Tá sé 'na sheasamh ag obair go cneasta
Agus ní bheidh ocras ná tart air cons mhaireas an dóle.
4.
Tá'n aois is an óige buidheach go maith fós dhe
Fir is mná pósta go mór mór a gclann
Tá sgoilairí an 'Gaeltacht' fághail fuighleach gach aon t-sórt
Dhá phunt as an nGaeilge, nuair bhíos an bhliain ann.
5.
Tá sean-daoine aosta 'fagáil le leac sobhairn Dia h-Aoine.
Agus páiste lag míosa fághail bainne le n-ól
Tá daoine gan leargus fághail suas le ceathar déag ann
Agus níl focal bréige ráidhte agam fós.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bairbre Ní Donncadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Roisín na Mainiach, Co. na Gaillimhe