Scoil: An Clochar i gCárna
- Suíomh:
- Carna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mé in ann aon obair a dhéanamh níos mó agus caithfidh tú féin do bheartha a shaothrú feasta. ''Ceart go leor a mháthair cé an chéird a ghabhfaidh mé leis''. Níl fhios agam arsa a mháthair. Tá a fhios agam a dubhairt Jack gabhfaidh mé le gadaidheacht. Ó ná téirigh arsa a mháthair. Anois arsa Jack téirigh siar go teach an phobail agus iarr ar Dhia cé an chéird a chuirfidh tú do mhac leis. Chuaidh a mháthair siar an bóthar agus chuaidh Jack siar an áitghiorra agus chuaidh sé ar chúl na h-altóra. Thainig a mháthair isteach leis agus d'iarr sí ar Dhia cé an chéird a chuirfeadh sí a mac leis. ''Chuir le gadaidheacht é arsa Jack ó chúl na h-altóra. Chuaidh an mháthair abhaile agus bhí Jack sa luaith rómpaí. Cé an scéal agad a mháthair arsa Jack. An rud a bhí tú ag iarraidh arsa a mháthair tá sé agad gadaidheacht. D'imthigh le Jack annsin agus chuaidh sé ar aimsear ag fear a drugadh siad an Gadaidhe Dubh air ar feadh lá is fiche lá amháin bhí Jack agus an Gadaidhe Dubh ag triomughadh feír agus bhí triúr buachaill an Ghadhaidhe Duibh ag dhul siar an bóthar agus tarbh aca. Dubhairt an Gadaidhe Dubh le Jack buailfidh mé an cloigeann díot mara ngoideadh tú an tarbh agus má goideann tubhradh mé cúig phúnt duit. D'imtigh le Jack agus fuair se trí cinn de coiníní agus chuaidh sé ar cúl an claidhe agus scaoil sé coinín treasna an bóthair agus a cos briste agus lean duine de na buachaillí é. Rinne sé an cleas céadna leis an péire agus lean an beirt eile iad agus d'fhág siad an tarbh in a ndiaidh ar an mbóthar.
- Bailitheoir
- Bairbre Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Roisín na Mainiach, Co. na Gaillimhe