Scoil: An Clochar i gCárna
- Suíomh:
- Carna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar i gCárna
- XML Leathanach 383
- XML “Seanscéalta - Cat na mBróg”
- XML “Jack an Gadaí Dubh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus chroch sé leis é go dtí teach an gréasuidhe. Nuair a bhí tamall siubhalta aige casadh fear eile air a raibh dhá ghadhar agus cú aige agus d'fhiafruigh an fear dhó céard a bhí ins an mala.Dubhairt sé gur muc a bhí ann a cheannuigh sé ar an aonach agus ní raibh aon chead aige é thaisbeáint d'aon duine. Caithfidh tú é a thaisbeáint dom-sa ar aon nós nó stracfaidh mé ó cheile thú féin agus an mála.
Bhí an cat ag scríobadh an mhála agus ag rádh leis an bhfear gan é a oscailt ach mar sin fein b'éigean dó é a oscailt. Nuair a d'oscail sé é d'éirigh an cat amach as. Léim an cú agus na gadhair anuas air agus strach siad ó chéile é. Annsin bhí áthas mór ar an bhfear mar dubhairt an fear eile leis marach gur marbhuigheadh é go gcuirfeadh sé é féin agus a chlann chun báis. Bhí áthas ar gach duine mar gheall air gur marbhuigheadh é. - Bhí bean annseo fadó agus ní raibh aici ach aon mhac amháin agus sé an t-ainm a bhí air Jack. Bhíodh a mháthair amuigh gach lá, ag obair agus ní fhagadh Jack an luaith. Lá amháin nuair a bhí a mháthair ag teacht isteach agus ualach trom uirthi thuit sí sa doras. Dubhairt sí le Jack éirigh agus í a thabhairt isteach. Déirigh Jack agus chraith sé luaithe se féin agus thug sé isteach í. Anois a dubhairt a mhathair tá mise aosta agus níl(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bairbre Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Roisín na Mainiach, Co. na Gaillimhe