Scoil: An Clochar i gCárna

Suíomh:
Carna, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúracha na Trócaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 380a

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 380a

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar i gCárna
  2. XML Leathanach 380a
  3. XML “Scéal Grinn - Liam na Giúise”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá fear i Rosmuc seo againne Liam na Giúise a thugtar air de bhrígh go mbíonn móin agus giúis le díol aige sa mbaile mór thíos. Níl bean ná clann aige. Tá feirm bheag talmhan aige ach ní mórán cuireadóireacht a dheineann Liam bocht air. Tá sé deacair dó san mar níl san bhfeirm ar fad ach portach fuar fliuch nach bhfásann prátaí ná meacain ann. Ach mar a dubhairt Liam féin ' an rud ba mheasa leat ar domhan b'fhéidir arís gurabh é clár do leasa é'. Tháinig Liam ar imeall an phortaigh agus do bhain an mhóin agus an ghiúis agus thiormuigh iad agus do bhíodh sé gach lá beagnach ar sráid an bhaile mhóir, agus cliabh móna nó ualach giúise dhá dhíol aige.
    Tharla tríd sin gur chuir Liam aithne ar an ól ach níorbh é an sagart aithne a mhéaduigh tarcuisne é. Níorbh é in aon chor mar is amhlaidh a mhéaduigheadh a urraim don ól agus a dhúil ann. Bhí sean-mhúile buidhe agus trucail aige. Bhí an múille an chríonna. Uair ar bith a bhíodh Liam ar meisge shiubhladh sé abhaile agus sheasfadh sé ar aghaidh an dorais amach go ndúisigheadh Liam. Lá amháin bhí sé ag teacht abhaile ón mbaile mór agus do bhí sé ar meisge. Bhí beirt bhuachaillí greannmhara ar an mbaile dár b'ainm Tadhg Ruadh agus Seán Cathach. Chonnaic siad ag teacht é. Sheas an múille ar aghaidh an dorais amach. Chuaidh Seán Cathach agus Tadhg Ruadh siar go dtí teach Liam.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Nic an Iomaire
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    An Coillín, Co. na Gaillimhe