Scoil: An Clochar i gCárna

Suíomh:
Carna, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúracha na Trócaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 377

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 377

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar i gCárna
  2. XML Leathanach 377
  3. XML “An Chuinneog”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá a lán cuinneog ag na daoine mór-thimcheall mo cheanntair agus tá ceann deas ag mo mhuinntir féin sa bhaile. Tá an chuinneog atá againn sa bhaile tuairim is trí troighthe ar aoirde agus tá sí níos fuide ar an mbun ná mar atá sí ar an mbarr. Tá sí níos caoile ar an mbarr agus tá sé tuairim is leith-bhliain ó deineadh í. Is fear ó Ruiseanamanach a rinne í. Tá sí an-láidir agus is maith liom a bheith ag déanamh maistreadh léithe. Tugtar an loinithe ar an rud a bhíos tú ag oibriú síos is suas tríd an gcuinneog agus tugtar an clár ar an rud atá ar bhéal na cuinneoige. Ní leigeann sé sin aníos an bainne as an gcuinneog, agus tá poll ann chun an loinithe a chur síos ann. Tá clár eile ar an loinithe agus poll mór-thimcheall air agus bíonn an bainne ag dhul síos is aníos tríd na puill sin.
    Cuirtear marc thuas ag barr na cuinneoige agus ní chuirtear an bainne aníos thairis sin nó má chuirtear beidh an bainne ag imtheacht amach as an gcuinneog. Déantar im dhá uair san t-seachtmhain sa Samhradh mar gheall ar an aimsir bhreágh agus freisin sin é an uair is mó atá bainne ag na ba. Ní dhéantar im ach uair sa t-seachtmhain sa nGeimhridh mar ní bhíonn mórán bainne ag na beithdhigh an t-am sin agus rud eile bíonn an aimsear an-fhuar. Déanann mo mháthair an chuid is mó de'n mhaistreadh agus annsin cabhruigheann muid go léir le chéile chun é dhéanamh agus is minic a bhíonn spraoidh againn. Má thagann aon stróinséar isteach buaileann sé greás ar fhaitchíos go
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. im agus cuigne (~3,280)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Nic an Iomaire
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    An Coillín, Co. na Gaillimhe