Scoil: An Clochar i gCárna

Suíomh:
Carna, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúracha na Trócaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 367

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 367

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar i gCárna
  2. XML Leathanach 367
  3. XML “Luibheanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Siad na luibheanna is mó a dheineann díoghbháil do thalamh na ndaoine ná :- Práiseach bhuidhe, flit, feochadáin, gluanach dhearg, neantóga, copóga, eibhean, bríoscglán, lasar léan, raithneach, slanndas, cluidheán, chaorach,agus sgamhóige caorach, aiteann agus fiadhtúil. Déanann na luibheanna sin go léir an talamh do' bhochtú agus coinnigheann siad na barraí gan fás. Fásann an práiseach buidhe, an ghluanach dhearg, ceathrú caorach, brioscglán agus an cluadhán, i dtalamh maith. agus fásann an chuid eile de na lubheanna i ndroch thalamh. Siad na luibheanna a fhásann i n droch thalamh feochadáin, flith, copóga, eibhean, aiteann, slanndas, sgamhóige caorach, agus fiadhtúil. Deirtear go bhfuil leigheas le fail as dealg crann Spíonán le h-aghaidh sleamhnán a bheadh ar do shúil. Sé an chaoi a úsáidtear é an sleamhnán a leigean leis an dealg agus imtheochaidh an leamhnán annsin. Deirtear go bhfuil rud eile ag fás tríd an talamh ar a dtugtar 'an t-amur Mhuire' agus deirtear pé ar bith duine a gheobhfas é sin go mbeidh sé leigheasta ó aon ghalar a bhíos air. Níl aon leigheas eile le fághail ó na luibheanna. Nuair a bhíonn na duilleoga go léir fásta agus na bláthanna sa bhfóghmhar tosnuigheann an dath ag imtheacht dóib agus dathanna éagsúla ag teacht ortha ionnús go mbruitheann siad agus go bhfeochann siad ar fad sa deireadh, mar gheall ar an nGeimhreadh a bheith ag teacht. Baintear úsáid as an gcuid is mó de na luibheanna mar bhiadh do na beithidhigh agus do na h-ainmhidhthe ach amháin an lasar léan, an feochadán agus an t-aiteann. Tá neanntóg go h-an mhaith le h-aghaidh lachain agus coillligh franncacha mar bhiadh agus tugtar bruidhthe dóibh í agus ubh i n-eindigh leis, agus faocháin, agus báirnigh freisin. Itheann na lachain agus na géadhuibh flith agus tá sé an-mhaith dóibh. Tá duileasg go han deas.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Nic an Iomaire
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    An Coillín, Co. na Gaillimhe