Scoil: Árd Mhór

Suíomh:
An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádhraic Ó Gleasáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 326

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 326

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Árd Mhór
  2. XML Leathanach 326
  3. XML “Filí na hÁite”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fili in a comnuidhe san áit seó fadó. Níl sé ach fiche bliadhain ó cailleadh é. Márcus Ó Flaithbheartaigh an t- ainm a bhí air. Ní ráib aon teac aige do féin ach is timceall na h-áite seo is mo a caitheadh sé a saogal. Bhí an fhilideacht aige o dutcás agus bhí sé ag a athair agus ag a mathair roimhe. Ní ráibh slighe beata ar bith ag Márcus ach ag filideact agus bhí sé an bocht. Ga dtiochfadh fili isteac san teach an air sin ní ráibh aon cead é a cur amac acht le cruadh cainnt. Tháinig Marcús isteach i dteach lá a ráibh sean bean. Nuair a tháinig sé go dtí an doras buail sé é. Tháinig an t-sean bean amach agus d'fiaruigh sí do ce'n t-áinm a bhí air agus dubairt Márcus "Tá m-ainm faoí mo druimh agus mo sloinead faoí mo múineal" Ní ráibh an bean i-ndan é a cur amach annsin. Níl ceann a bith den filideacht a rinne sé le fághail timceall na h-áite seo. Ní ráibh teach a bith timceall na h-áite ga ndeacadh sé nach ndearna sé píosa filideacht ag molad muintir an tig no gá gcánad Act níor cuir na daoine móran suim i filideacht an uair sin agus níor togadar móran dí. Bhí fili eile in a comnuidhe i gCill Ciaráin cead blain o shoin Peadhar O loideáin an t-ainm a bhí air. Bhí cáil mór ar ag deanamh filideacht. Ní ráibh aon filideacht ag a athari ná ag a mhathair roimhe ná ag aon duine
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sorcha Ní Ceannabháin
    Inscne
    Baineann