Scoil: Árd Mhór

Suíomh:
An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádhraic Ó Gleasáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 307

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 307

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Árd Mhór
  2. XML Leathanach 307
  3. XML “Scéalta faoi Fhathaigh”
  4. XML “Scéalta faoi Fhathaigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ní feadfad duine ar bith codhladh ins an teac sin act ag éiseacht leis ag srannadh. Dá mbeadh teach eile roint gar do cluinfeadh siad freisin é. Da mbead aon blás den caca dóghte ná aon ribhe ins an im marbochadh sé iadh. Is minic a bíodh trí no ceathair de cacaí déanta acú ag iarradh ceann ceart nach mbead doighte a déanamh. Nuair a taghadh an Nodlagh cáithfeadh chúile bean ins an Áird pota ime a thabairt cuige agus é a bheith go glan nó marbhocadh sé iad. Bhí bean ann uair agus níor thug sí aon im cuighe. Bhí sí posta agus bhí aon mach amháin aici. Bhí an fatach le í a marbú agus d'imtigh sí leití. Sé an áit a ráibh sé féin agus a fear agus an paíste ná i lár na h-Éireann. Bhí siad sgáthamh blianta ann go raibh an paiste sin in a fear. Nuair a d'inns a máthair do é dubhairt sé go mbainfeadh sé a sasamh dé. D'imtigh sé leis lá agus bhí sé ag siubal go dtáinig sé go dtí an Áird. Ní ráibh fhios ag aon nduine a ráib sé ann. Nuair a fuair sé an tátach in a codhladh cuaidh sé isteach ag rug sé ar a túadh agus bain sé an ceann dé. Bhí taibhse le feiceál ann in a diaidh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.